|
Spring 2003 uimh
4
|
An Bhfaca tú é?Margaret Kinder Rugadh i London é sa bhliain 1961. D'fág sé an scoil ar cúig bliana déag d'aois, agus i 1996 léiriodh a chéad dráma a bhuaigh bronnadh leis an teideal "An Núíosach a bhfuil gealladh is mó faoi" ón Evening Standard. Nuair a shroich sé fiche seacht mbliana d'aois bhí ceithre dhrámaí dá chuid ag rith go comhuaineach sa tír seo, agus is é an drámadoir is rathúla faoi lathair sa Riocht Aontaithe. Cé hé an fear seo?
Bhí "The Lonesome West" ar siúl san amharclann Octagon i mBolton le déanaí. Chinn muid dul chuige. Suíomhitear drámai na tríolóige in Iarthar Éireann in áiteanna atá fiáin, garbh, ach fíorálainn. Is ceantar é ina bhfuil lochanna agus portaigh, ceobhráin agus báisteach. Tá na tithe tearc, fánacha ag bun cnoic nó fiú ag deireadh bóthairín fada. Sleamhnaíonn na laethanta thart, agus is minic nach bhfeictear créatúr ar bith go dti Aifreann Dé Domhnaigh. Is é in áit mar seo a chónaíonn Coleman agus
Valene. Beirt dheartháireacha atá ann a mhaireann fós
san áit baile i ndhiaidh báis a n-athair.(Ní fheadar
cén bealach go díreach a bhfuair sé bás?)
Nochtar aníos cúpla cnámh spairne, agus is cosúil
nár fágadh an teach le h-oidhreacht ag Coleman mar a bhfeifeá
ag súil leis, agus ba é an deartháir is sine. Níl ann ach an ceathrar acu, ach cuireann na h-imeachtaí alltacht, brón agus gáire orainn ag an am céanna. Dráma fíorghreannmhar atá ann. Uaireanta caithfidh tú gáire in éadan do thola a dhéanamh. Tá caint láidir ann in amanna, agus na gníomhartha roinnt cruálach. Ach mar sin féin, tá sé dodhéanta gan gáire a dhéanamh faoina geáitsí atá ar siúl cibé ar bith a chuireann tú in a n-aghaidh. Má bhíonn deis agaibh an dráma seo a fheiceáil .nó ceann eile le Martin McDonagh, faighigí ticéidí maithe agus bainigí sult as. |