|
Spring 2003 uimh
4
|
AR MO SHEACHRÁN FHÉIN (2)Séamus O Cionnfhaola Bhuail mé Bleá Cliath an tráthnóna san agus bhí gníomhaire eile ag an stáisiún chun sinn a stiúradh go dtí an óstan ina rabhamar chun fanúint an oíche sin. Bhí os ceann dathad éigin fear agus bean óg san traein an mhaidin sin, agus iad go léir ag fágaint chun dul ag sclábhaíocht thall. Nuair a chonaic mé an deil a bhí ar an áit thainig amhras orm, agus duirt mé liom féin ná fanfainn ansúid an oíche sin .Bhí aithne agam ar dhuine a bhí sa Chabrach, agus ghlaoigh mé air. Mhínigh mé mó chás brónach dho. 'An Globe' a bhí ar an óstán agus níorbh áit é inar mhaith liom an oíche a chaitheamh. Níorbh fhada gur tháinig an duine uasal chun mé a d'fhuascailt ón áit anróiteach so, agus is mé a bhí sásta liom féin. Thug sé amach mé agus bhí béile bídh agam ná raibh riamh roimhe sin, agus thug sé isteach arís go Dún Laoghaire ar maidin mé. Agus nuair a bhuail mé leis an maor a bhí orainn bhí buile air mé a imeacht ón tigh ósta gan eolas a tabhairt do cad a bhí ar siúl. Nior thug mé aon aird air agus níor fheaca mé arís é on lá san. Bhíomar i Holyhead i ngiorracht aimsire, agus ar an traein go Stafford, mar ba shin é deire mo aistirse, ach ní raibh aon tuairim agam dén fhaid a thógfadh an turas. Ach fér bhordaigh mé an traein i Holyhead thug an maor a bhí i gceannas orainn lipéid do gach aon fhear chun iad a chaitheamh ar ár gcótaí, Chuir mé go beacht im phóca iad, mar ní raibh aon mharcáil uaim orm féin: bhí teanga im bheal dá mbeadh aon rud ar iarraidh agam Bhuail mé Stafford déanach um thráthnóna agus thainig fear aníos chugainn nuair a thúirling mé den traein agus chonaic sé go rabhas ag féacaint roint strannséartha. Chuir sé é féin in aithne dhom agus thug sé isteach go dtí Maighistir an Staisiuin mé agus dúirt sé lem dhuine mé a thabhairt suas go dtí an lóistin a bhí curtha in áirithe ag an chomhlacht dhom. Bhí an lóistín sárrdheas, agus bean an tí lách agus maise áilneacht ar a haighaidh. Bhí sí meán aosta agus canúint Bhleá Cliath ar a teanga. Baintreach ab ea í, agus d'inis sí dhom i dtaobh a mic a bhí san arm, agus go mbeadh sé ag teacht abhaile go luath. Daoine ceannsa ba ea iad na Sasanaigh, agus ní raibh aon ghaol acu leis an dream ar thrácht m'athair orthu. Nuair a fuair mé an roint bheag giúrléidí
a bhí agam im mhála a chuir i dtaisce sa chupord, agus nuair
a bhí m' aghaidh nite agam agus cuma curtha agam orm féin
tar éis an turais, bhuail mé amach ar fuaid na cathrach
chun an áit a dh'fheiscint, mar bhí an-shant agam ar áiteanna
nua a dh'fheisint agus a bheith ag cuardach eolais ina dtaobh. Thosnaigh mé ag obair an lá ina dhiadh san agus bhí gach aoinne go deas séimh liom. Ni fhaca mé aoinne a bhí mar an cur amach a bhí ag m'athair orthu. Daoine ceansa ba ea an chuid ba mhó acu, ach uaineanta bhuailfeá leis an drochúll. Bhí maor ar an obair a thaispeáin sonraí na h-oibre dhom. Ní raibh aon teicniciúlacht ag baint leis an obair sin mar bhí orm na cairréistí sa traein a fholmhú, agus na beartáin a bhí istigh intí a thabhairt isteach go seomra mór míshláintiúil agus iad a dheighilt isteach i málaí. Bhí na malaí ar crochadh ar fhráma mhór a bhí i lár an urláir chun go mbeidís ag dul amach arís go dtí áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Agus tar éis mí amháin bhí an tíreolas go léir agam ar cá raibh gach baile mór agus beag san tír iomlán. B'iontach an slí é chun tíreolas a fhoghlaim. |