Table of contents
OMOS DON EASPAG BEDELL
Glór na nGael, An Cabhán.
"O sit anima mea cum Bedello". Sin a dúirt an tAthair
Éamon Ó Fearghail nuair a bhí cónra an Easpaig
Bedell á ísliú ina uaigh sa reilig in aice le hArdeaglais
Naomh Fheidhlimidh sa Chill Mhór, Co an Chabháin i mí
Feabhra 1642.
Thaispeáin an ráiteas sin an meas a bhí ag muintir
Bhréifne ar William Bedell. "Optimus Anglorum" a thugadís
air. Ar an 8ú lá Meitheamh, Domhnach Cincíse, 2003
bhí seirbhis éicúméineach san Ardeaglais ag
tabhairt ómóis do shaol an Easpaig agus don aistriúchán
go Gaeilge a rinne sé ar an mBíobla. Tar éis na seirbhíse
bhí turas go dtí a uaigh sa reilig in aice na hArdeaglaise.
" An Tor ar
Lasadh" ó Bhéal Feiriste a d'eagraigh an cómoradh
le tacaíocht ó Ghlór Bhréifne
Ins an tseirbhís thug an tOllamh Nicolas Williams léacht
ar shaol Bhedell. Rugadh ar an 29ú Meán. Fómhair
,1571 é, i Black Notley, Essex. Nuair a bhí sé 13
bliain d'aois chuaigh sé go hOllscoil Cambridge, áit a chaith
sé 18 bliain, idir staidéar agus múineadh, i gColáiste
Emmanuel.
Ansin bhí sé mar mhinistéir ar Bury St. Edmonds
ar feadh 5 bliana. I 1607 chuaigh sé mar shéiplínach
le Sir Henry Wotton go dtí an Bhenéis san Iodáil,
áit a d'fhan sé 3 bliana. Tháinig sé ar ais
go Sasana agus phós sé. I 1624 cuireadh é mar Provost
chuig Coláiste na Trinóide, Baile Atha Cliath, áit
ar thosaigh sé ag foghluim Gaeilge
Rinneadh Easpag ar Ard Mhacha agus ar an gCill Mhór é i
1629 agus shrocraigh sé síos sa Chabhán. Is anseo
a thosaigh sé ar an aistriúchán ar an mBíobla
go Gaeil;ge le cabhair ó beirt fhear as an gceantar, Muircheartach
ÓCionga agus Séamus Neangail. Tharla réablóid
1641 agus de bharr drochíde a fuair an tEaspag, bhuail tinneas
é agus fuair sé bás i dteach Dhonnchadh Uí
Shiordáin, seanchara dhílis leis, i Drom Corr ar an 7ú
lá Feabhra, 1642.
Níor foilsíodh Bíobla Bedell go dtí 1685.
Tá coip le feiceáil in aice leis an áltoir san Ardeaglais.
Tá coipeanna eile le feiceáil sa Seomra Tágartha
sa Leabharlann Phoiblí i mbaile an Chabháin comh maith le
ceithre leabhar beathaisnéiseach, ceann amháin a scríobh
mac le Bedell, William eile.
Tá moladh mór ag dul do na daoine a d'eagraigh an comóradh
seo, agus bheadh sé ceart dá mbeadh a leithéid ann
gach bliain as seo amach ar Dhomhnach Cincíse.
From 'The Anglo Celt ', Cavan. 17. 7 2003.Táimid faoi chomaoin
ag Máirtín O Conaile freisin.
Table of contents
|