Iris na Gaeilge Marta 2004 uimh 6 |
Table of contents
DRAMA: 'The Lieutenant of Innismore'Léirmheas - Máiréad Kinder.Bhí na rabhaidh cloiste againn. "Níl sé oiriúnach do dhaoine urchoillte nó do dhaoine atá i ngrá le pc", arsa an Financial Times. "Daoine fasta amháin. Tá foréigin grafacha i radharcanna ar leith", d'fhogair an amharclann. Ach bhí fhios againn chomh maith go gcuireadh an chéad leiriú ar staitse i Stratford ag an Royal Shakespeare Company. Ina ndiaidh sin cuireadh cluain ar lucht éisteachta as láimh sa West End agus bronnadh é An Duais Olivier i gcomhair Comédí Grinn Nua ba mhó, sa bliain 2003. Da bhrí sin , d'imíomar. Plota an-chliste go deo atá ann. Tá sé fíte timpeall sceimhleitheoir óg darbh ainm Padraig Mire, ar d'fág a áit bhaile in Iarthar na hEireann chun bheith ina bhaill de ceann de na grupai eagsúla scealptha ón I.R.A. Caitheann sé a chuid ama ag imirt díoltas ar dhuinne mífhortúnach ar bith atá i mbun gniomhaíochtaí atá, de réir Padraig, in éadan Saoirse na hEireann. Fear crua d'fheadfá a rá ach tá taobh bog ag Padraig.
Tá peata aige. Cat beag dubh darbh ainm Tomasín Beag atá
Padraig leáite anuas air agus é fagtha faoi cúram
uncail Padraig le linn do a bheith as láthair ar chursaí
gnó. Gan amhras, creathnach ar fad atá na heachtraí sa drama. Scaoltear, martraitear agus mairtear na heasantóirí agus fiú ainmhithe, más ríachtanach, ach leannan McD ar aghaidh agus éiríonn leis scigaithris air a dhéanamh. Bíonn na racharcanna foréiginach fuilteach go minic, ach mar sin féin, tá mothú grinn macabre iontu. Simplí ach glic atá an pholaitaíocht sa drama. Ar an taobh amháin is cosúil go Saoirse na hEireann an aidhm atá ann. Ar an taobh eile tá sáiteáin cam faoi I.R.A. agus grupai scealptha, mar INLA. Seinntear na seanamhráin tírghrácha den seansaol sa chúlra agus usáidtear siad seo ag bean óg faoi arm, chun údar maith a thanhairt lena dul i leith an leiftenant ag comhraic ar son na cúise agus í sé déag bliain d'aois. Tá an grá ann freisin ach an bhfuil sé laidir go leor teacht slán as an ruaille buaille a leanann an chait dhuibh bhig? Cinnte, tá an drama creathnach ach tá sé barrúil aerach agus greann ann atá scléipeach ar fad in áiteanna. Tugann sé dúinn dearcach nua go hiomlán ar seanámhar. Ní fheadar cén ábhar a toghfaidh McDonnell i gcomhair a chéad drama eile? Iarscríbhinn: Teideal dráma nua ag McDonnell "The Pillowman". Beidh sé ar chamchuairt i mbliana. |