|
< contents
An Bhriotáin tír fágtha gan teanga.
le Diarmuid Johnson
I 'bhFoinse' (2001) foilsíodh staitisticí faoi theanga
na Briotáinise. Seo míniú ar na bunchúiseanna
atá le meath na teangan. Tá formhór na dteangacha
ar domhan ag fáil bháis. Tá ionnanas cultúir
ar clár na cruinne. Sin é an macrocosm , agus tá
na mílte microcosm in eangach na mhacrocosm sin. Ceann acu is ea
an Bhriotáinis .
Is mían le Poblacht na Fraince bás na Briotainse. De réir
Bhunreacht na Tíre sin, níl ach teanga amháin sa
bhFrainc: 'La lange de la Répunlique est le Francais et l'hyme
national est la Marseillaise,' ( Airteagal II ).
Ní bhfaighidh teanga bás muna bhfuil teanga eile ag leathnú
anall thairisti. Agus ní bhfaighidh sí bás munar
mian sin le lucht a labhartha. Sin mar atá sa mBriotáin.
Tá athrú teangan tar éis tarlú, agus claochló
ar shaol na tíre.
An t-athrú teangan a tharla sa mBriotáin tar éis
an dara cogadh domhanda, tá sé rí-chosúil
leis an athrú teangan a tharla in Eirinn i ndeireadh na 19ú
aoise. Níor mhian le daoine go mbeadh Gaeilge ag a gclann. Ar an
gcuma chéanna, ba mhian le daoine gan an Bhriotáinis a labhairt
lena gclann. Tháinig athrú iomlán ar an Eireannachas
tar éis an ghorta, agus tháinig a mhacasamhail d'athrú
ar an mBriotánachas i rith na haoise seo. Níorbh fhéidir
do dhuine gan a bheith ina Fhrancach. Bhí an dúchas agus
an oiliúint in aghaidh a chéile , agus ba threise oiliúint
mhór na dúchas beag
In Éirinn, bunaíodh stát. Cuireadh an Ghailge sna
scoileanna. Tugadh ómós do sheanchas na Gaeltachta. Tugadh
obair sa státseirbhís do Gaeilgeoirí. Is tionscail
bisiúil atá sa nGhaeilge. Ach an cás ina bhfuil an
Briotáinis faoi latháir, b'é cás na Gaeilge
céad bliain ó shin é.
Murach gur bunaíodh stát na hÉireann, ní teanga
phobail a bheadh sa nGaeilge níos mó. Bheadh sí fós
á labhairt , ach ar éigean. Ní teanga nua-aoiseach
a bheadh intí. Ní bheadh sí á léamh
nó á scríobh ar cor ar bith. Sin mórán
mar atá an Bhriotáinis.
Agus níl aon léas dóchais ann. Caitear teanga a
chothú más beatha atá i ndán dí. Muna
gcleachtann daoine sa saol gairmiúil í , fágfar sa
gclúid í, agus is ann a éagfas sí .
Níl aon litríocht ann sa mBriotáinis. Sin de bharr
gur imirceánaigh a bhí sna Briotáinigh an chéad
lá. riamh. Idir an ceathrú agus an séú haois
, nuair a bhí deireadh le ceannas na Róimhe sa mBreatain
Mhór, agus na treibeanna Angla- Sacsanacha ag brú isteach
, d'imigh líon mór daoine agus thug an mhór-roinn
orthu féin. Is in Armorica an Bhriotáin is dlúithe
a chuir siad fúthu .Pé saoithiúlacht a bhí
acu , b'éigean í a athbhunú san iasacht , ach sin
nár tharla.
Is beag doiciméad i mBriotáinis go dtí an cúigiú
haois déag , agus is beag eile seachas drámaí diaga
agus beatha na naomh atá sa gcorpus a mhaireann. Saothar na cléire
a bhí iontu seo , aistriúcháin , agus is Fraincís
gach ré focal ina bhformhór. Seo difríocht eile leis
an nGaeilge. Tá litríocht fhlúirseach, ilghéitheach
Gaeilge ann ó thús na meánaoise. Shaibhrigh sí
seo seanchas na Gaeltachta. Is tobar í le síorathnuachaint
a dhéanamh ar an teanga lenár linn féin.
Ní litríocht an t-aon ní a leanann traidisiún
scríofa ach smaointeachas. Breathnaímís ar chás
na Breatnaise (Welsh ). Bhí léamh a dteangan féin
ag na Breatnaigh san aois seo caite. Níorbh fhíor sin i
dtír Chaitliceach ar bith, ach is beag tír Phrotastúnach
arbh fhíor ann ach oiread é. D'fhága léamh
na teangan go raibh tuiscint ag an ngnáth- Bhreatnach ar chúrsai
idé-eolaíoochta agus ar an mbumús atá le saoithiúlacht
na hEorpa. Pé tuiscint a bhí ag an mBriotánach ar
an saol mhór , is é leargas na Fraincise a bhí ann.
Agus cuid de léargas na Fraincise ab ea an drochmheas ar a dhúchas
féin.
Teanga shaibhir a bhí sa mBriotáinis. Bhain Barzaz Breizh
cáil amach a bhí inchurtha le cáil Ossian le MacPherson
. Ach is macalla den seansaol a bhí i saibhreas na Briotáinise
, cuid iontais de lucht na seandachta agus na rómánsúlachta
. An rud atá ag tarlú don Bhriotáinis, is gnáthrud
é agus rud uafásach. Tá ag éirí go
seoigh le rialtas lárnach na Fraince gach canúint agus gach
teanga eile dá labhraítear i gcríocha na Poblachta
a mhúchadh, agus Fraincís chaighdeánach a chur ina
n-áit. Ní fíor sin faoi thír ar bith eile
san Eoraip, ná ar domhan.
Is í an Bhriotáinis an t-aon teanga Cheilteach atá
á labhairt ar mhór-roinn na hEorpa. Faoi cheann leithchéad
bliain , ní mhairfidh sí ach i mbéal dornán
cúiseoirí
Foinse. 2002.
Table of contents
|