Iris na Gaeilge Lunasa 04 uimh 7 |
GAELTACHT NUA, Kingston, Ontario, CeanadaTá Aralt Mac Giolla Chainnigh, fisiceoir, i Kingston , Ontario, i gCeanada , agus a chairde ag ceannach 60 acraí talún ann chun Gaeltacht a bhunú gan mhoill. Le déanaí sheol sé notaí chuig "Iris na Gaeilge" faoin obair sin. Seo dhíbh cuid acu :
Tá an talamh seo ag Caiabogie in aice le Kingston. Tá praghas $30,000 air. Tá Mac Giolla Chainnigh agus a dhaoine ag díol scaireanna ar $300 ar 1% an ceann. Níl aon fhoirgneamh seasmhach ann fós. Tá Cumann na Gaeltachta mar theideal orthu. Bunaíodh é i 1995 ag Séamus Mac Con Charraige, iarchigire scoile as Béal Feirste. Tá an eagraíocht difriúil ann anois. Tá 45 duine páirteach ann. Is é an t-airgead an fhadbh is mó a bhfuil siad ag díriú air anois. Cé go bhfuil siad ag díol scaranna anois, beidh stádas carthannach acu gan mhoill. Tar éis sin, rachaidh siad go dtí na cumainn daonchairdis. Cén radharc atá acu don Ghaeilge? Dar leo tá 'géarchéim féiniúlachta' ag Gaeilgeoiri i gCeanada cé hé iad féin, agus cén rudaí faoi leith atá acu le thabhairt don chomhphobal domhanda ?. Comhfhreagras: Seol bhur moltaí chuig : kenny-h@rmc.ca , |