|
< contents
Ar Mo
Sheachrán Féin 3
le Séamus O Cionnfhaolaidh
Bheannaigh mé dos na daoine a bhuail liom an lá
ar mó shiúl, ach an dial freagra ní bhfuaireas mar
níor labhair aoinne lena chéile sa tsráid ná
i dtigh tábhairne muna mbeadh aithne roimh ré ag duine ortha,
agus níorbh fhéidir liom é seo a thuiscint. Bhí
ionadh agus uaigneas go leor orm, ach chaitheas í a smachtú
le foighne, agus mo smachtín crón a chrú go meidhreach.
Thosnaigh mé ag obair an lá ina dhiaidh san agus bhí
gach aoinne go deas séimh liom, agus ní fheaca mé
aoinne a bhí mar an cuir amach a bhí ag m'athair ortha.
Daoine ceansa ba ea an chuid ba mhó acu, ach uaineannta bhuailfeá
leis an drochúll . Bhí maor ar an obair a thaispeáin
sonrai na hoibre dhom. Ní raibh aon teicniciúlacht ag baint
leis an obair sin, mar bhí orm na cairréistí insan
traein a fholmhú, agus na beartáin a bhí istigh intí
a thabhairt isteach go seomra mór míshláintiúil
agus iad a dheighilt isteach i málaí a bhí ar crochadh
ar fhráma mhór a bhí i lár an urláir
chun go mbeidís ag dul amach arís go dtí áiteanna
éagsúla ar fuaid na tíre. Agus tar éis mí
amháin bhí an tíreolas go léir agam ar cá
raibh gach baile mór agus beag san tír iomlán. B'iontach
an slí é chun tíreolas a d'fhoghlaim.
Bhí gach aon rud ag dul im shlí, ach bhíos fós
ag smaoineamh ar an Rinn agus ar an dream álainn a dh'fhágas
im dhiaidh, agus ar cheol agus amhráin agus ar chluichí
cártaí oíche gheimhridh, ach mo léan bhí
mé anois i dtír i measc daoine nár thuig mo chás
na mo shlí mar a bheadh uainín i measc seilbhe caorach ,
gan solas, gan féinspéisiúlacht insan saol i rabhas
anois agus gan aon fháil agam ar éaló ná teitheadh.
Ach níor chaill mé mo mhisneach, agus mar adúirt
Ellen Bagge liom an lá fér fhág mé an Rinn:
'Gheobhaidh cois ar bóthar rud éigin, ach ní bhfaighidh
súil sa chúinne ao' rud'.
Bhí an t-uaigneas ródhian orm fós, agus dúirt
mé liom fhéin go scríobhfainn abhaile go dtí
bainisteoir a bhí ar an monarcha leathair in Dún Garbhán
féachaint an mbeadh aon fháil ar aon phost a dh'fháilt
, mar bhraith mé uaim gach aon rud Gaelach, agus bhí mé
sáite anso i measc daoine nár thuig mo chás, agus
rud eile ná ráibh am acu í a thuiscint, mar bhí
an obair agus an leaba mar shlí mhaireachtain ag formhór
na ndaoine agus ní bhíodh mórán am saor. Fuair
mé litir ar ais óm dhuine, agus is é rud adúirt
sé san litir chugham ná: ' Mhuise cén caduaic athá
ort? Dar ndóigh gheofá a bheith in Eirinn in uair a chloig
ar eitleán chun an tír a fheiscint uair eile'. Ach mo léir,
ba bheag an tuiscint a bhí aige dhom phian agus dom uaigmeas.
Bhí na Sasanaigh go léir ag glaoch Paddy orm, agus b'ait
liom é seo mar níor thug mo mháthair Paddy riamh
orm, agus nuair adúirt mé leo nárbh é sin
m'ainm, níor dheineadar ach gáire . Agus bhí mé
lá ag caint le seanshaighdiúir ón mBreatain Bhig,
agus bhí mé ag insint mo scéil do agus dhéin
sé siúd gáire chomh maith, ach dúirt sé
liom: 'An chéad uair eile a thabharfaidh siad Paddy ort, glaoighse
George ortha san, agus ní bheidh siad róshásta leat'.
Agus sin mar a dhein mé agus níor chuala mé Paddy
orm ina dhiaidh san.
Ní raibh ach £7 sa tseachtain agam, ach ba mhór an
bhos airgid é sin na laethannta san. Ach nuair a bhíodh
an cíos as, agus bia ceannaithe, ba bheag a bheadh fágtha,
agus ní raibh fhios agam mé a bheith ag dul i mbochtacht
in aghaidh an lae, ach ba mhór an méid é tar éis
bliain a chaitheamh i nDún Garbhán ar £1 amháin
sa tseachtain.
Bhí a lán díomáiste déanta ag an bplaoscadh
a fuair an áit le linn an chogaidh, agus bhí a lán
foirgintí dá leagaint agus dá dtógáil.
Agus bhí mé lá ag gabháil thar láithreach
mhór tógála, agus thug mé fé ndeara
seisear nó seachtar fear ag obair ar a ndícheall istigh
ar an foirgnimh. Stadas taobh amuigh den ngeata Agus an uair sin gheobfa
tri phost a fháil in aon lá amháin-bhí easpa
oibreoirí san tír. Agus tharla gur tháinig maor na
hoibre amach agus cheap sé go rabhas ag lorg oibre, agus dúirt
sé liom go raibh deichniúr Éireannach ag obair istigh
ansúd agus go mbeadh fáilte romham teacht agus tosnú
a dhéanamh dá mba mhaith liom. 'B'fhearr liom aon Eireannach
amháin', arsa sé, 'ná cúigear Sasanach'-agus
Sasanach ab ea é fhéin- 'mar'arsa sé 'dhéanfaidís
níos mó i leathuair an chloig ná mar a déanfadh
Sasanach an lá go léir'. Bheul, bhíomar ag caint
agus ag comhrá agus mé ag féachaint ar na fathaigh
seo istigh, fir mhóra láidre agus uachtar na hÉireann,
ag allas agus dá gcuimilt féin le ciarsúirí
chun fuascailt éigin a dh'fháil ón dianobair seo,
ach arsa mo dhuine: 'Cad is dóigh leath. An bhfuil post uait?'
.
'Níl' arsa mé leis,' ba maith liom bás nádúrtha
a dh'fhail', agus d'fág mé slán aige agus dh'imigh
mé chun mo shiúil a chríochnú
Bhí cogadh na Seapánach fós ar siúl agus
nuair a tháinig an sos cogaidh bhí oíche mhór
cheoil agus damhsa sa chathair, agus bhí daoine ag rínce
insna sráideanna agus deochanna go leor ólta, ach níor
ghlacas féin aon pháirt insna féiltí mar bhíos
sórt aireach dul ina measc. Bhí sórt smaoineamh an
uair sin againn nár cheart dul i measc na daoine ná aon
charadas a beith eadrainn, agus ba mhór an trua go raibh an aigne
chaol sin agam fhéin mar do chaill mé leis, agus níor
aithníos na Sasanaigh i gceart fér fhágas an áit
cúpla mí ina dhiaidh sin.
Bhí an obair maith go leor, ach maidir le aon saibhreas a theacht
im threo, bhí thiar orm. Mar mara ndéanfá sprionlaitheoir
ar fad a dhéanadh dhíot féin, agus dul go dtí
do sheomra tar éis na hoibre agus éirí arís
ar maidin chun dul ag obair, ní bheadh leathphingin fágtha
tar éis do shaothair. Agus bhí mé rócheanúil
ar an tsaoil sóch seo chun mo shaol a chaitheamh ag smaoineamh
ar shaibhreas an tsaol seo, agus go mbh'fhéidir ná mairfinn
chun é a chaitheamh mar a dhein cuid acu a dh'fhág Éire.
Ní raibh mórán Éireannach sa chathair seo,
bhíodar i mBirmingham agus Coventry, agus i Londain, mar is ann
a bhí an t-airgead mór le fáil.
Nuair a tháinig mí na Nollag bhi mé an-mhíchompordúil
im aigne agus dúirt mé liom féin lá go mba
fearra dhom a bheith ag gluaiseacht in áit éigin a mbheadh
saol níos saibhre agam mar bhí mé bréan den
saol gannchúiseach agus an dealús a bhí ag gabháil
léi. Mar sin, i mí Eanair fuair mé post ón
Rialtás sa méan Oirthear, agus dh'fhág mé
slán agus beannacht ag Stafford , mar bhí sé uaim
an saol sin thar lear a dh'fheiscint, ach duine éigin a dhíol
as.
Table of contents
|