Valparaiso
Thánaig long ó Valparaiso
Scaoileadh téad a seol sa chuan;
Chuir a hainm dom i gcuimhne
Ríocht na gréine, tír na mbua.
'Gluais' ar sí, ar turas fada
Liom ó scamall is ó cheo;
Tá fé shleasaibh gorm- Andes
Cathair scáfar, gle mar sheod'.
Ach bhíos óg is ní imeoinnse,
Am an dóchais, tús mo shaoill,
Chreideas fós go raibh i ndán dom
Iontaisi na ndán's na scéal.
Ghluais an long thar linntibh mara
Fad ó shin is a crann mar ór;
Scríobh a scéal ar phár na hoiche
Ard i rian na réaltan mór.
Fillfidh sí arís chughann, áfach;
Chifead cathair bhán fén sléibh
Le hais Mara na Síochána;
Creidim fós, beagnach, a Dhé.
|
SEANFHOCAIL le Margaret Kinder
Nuair a bhíonn an t-ól istigh bíonn an chiall
amuigh
Ní théann cuileóg sa bhéal a bhíonn
dúnta
Is minic paidrín fada ag rógaire
Ní mhealltar an sionnach faoi dhó .
Níl saol gan locht .
Bíonn gach uile madra dána ina dhoras féin
.
Tá Dia mall ach níl sé dearmadach .
Nuair a lagdaíonn an t-ádh , laghdaíonn an
grá .
Nuair is crua don chailleach , caithfidh sí rith .
Níl leigheas ar an grá ach pósadh .
An té a bhíonn thuas óltar deoch air , agus
an t-é a bhíonn thíos buailtear cos air .
"Bean mhic agus máthair chéile , mar a bheadh
cat agus luch ar aghaidh a chéile .
Is minic nach é an capall is fearr a bhuaigh rás
.
Ar scáth a chéile a mhaireann daoine .
Is fearr lúbadh ná briseadh .
Bíonn caora dhubh ar an tréad is glic .
An té nach bhfuil láidir, ní mór dó
bheith glic
Is minic ciúin ciontach .
Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin
.
Ní dhéanfaidh an saol capall ráis d'asal .
An té a bhíonn amuigh , fuaraíonn a chuid
.
|