Iris na Gaeilge Eanáir 2005 uimh 8 |
||
An Ghaeilge i measc teangacha atá i mbaol a mbáis !Tá an Ghaeilge áirithe i measc na 6,000 teanga atá i mbaol báis , de réir staidéir úir atá déanta ag UNESCO. Maíonn 'Atlas of the World's Languages', go bhfuil míontheanggacha á bplúchadh ar luas lasrach ag teangacha forleathana ar nós an Bhéarla, na Fraincíse, na Spáinníse, na Rúisise , agus na Síníse. Is áisinteacht chultúrtha na Náisiúin Aontaithe , UNESCO, a thug faoin staidéar seo ina ndeirtear gur tháinig borradh suntasach ar bhás teangacha le 300 bliain anuas: "leading to a situation today in which 3000 or more languages, that are still spoken, are endangered , seriously endangered or dying". Tá na teangacha Ceilteacha - an Ghaeilge, Gáidhlig na hAlban, an Bhriotánais agus an Bhreatanais liostáilte i measc na 50 teanga Eorpach atá i mbaol báis. Foinse 2002. |