|
Table of contents
ÁR
STÍL BHEATHA
- Aclaíocht a dhéanamh
(Physical exercise)
In aois seo na raimhre, glactar leis gur ceart dóibh tuilleadh
aclaíochta a dhéanamh chun a sláinte a fheasbhú
agus a raimhre a chloí. Téann siad isteach i gclubanna agus
in ionaid ghleacaíochta chun iompar meáchan, dornálaíochta,
ealín mhíleata, reatha, rothaíochta, snámha,
damhsa nó suaitheadh colainne éigin aeróbach a dhéanamh.Cinnte
ní gach éinne a dhéanann a léithéid,
agus fiú iad a dhéanann, is beag díobh a sheasann
go daingean lena ndea-chleachtadh agus lena ndea-rún.
De réir a chéile tá troime na fianaise ag léiriu
gur fearr ar fad don duine meánaosta, agus don duine aosta, dreas
siúil a dhéanamh gach lá - siúlóid
bhríomhar ar feadh leathuaire ag luas a trí nó a
ceithre míle san uair. Agus tá sé seo i bhfad níos
saoire ná ballraiocht ionaid gleacaíochta! Ní fheabhsaíonn
an aclaíocht seo an tsláinte ar an toirt, ach san fhadthéarma
is iontach an cabhair é leis an bpriacal go dtolgfaidh tú
stróc nó diabéiteas nó ostaeporóis
a laghdú. Is fiú é freisin na drochiarmhairtí
a bhaineann le hairtríteas nó hipirtheannas, nó fiú
lionndubh (depression) a maolú.
Is cumasach an siúl chun bac a chuir ar ghalair ar leith agus
drochiarmhairtí galair ar leith a mhaolú. B'feidir go bhfuil
an siúl níos éasca a dhéanamh, agus níos
éasca a leanúint ná aon saghas aclaíochta
eile. Níos mó ná sin, uaireanta cuireann rith agus
saghasanna eile aclaíochta strus ar na glúine agus ar na
corróga ionas go dtagann an t-airtriteas iontu go luath. Ní
mar sin a tharlíonn i gcás an tsiúil.
Cad iad an fhianaise atá tagtha chun cinn go bhfuil an siúl
níos fearr ná na saghsanna aclaíochta eile?
Is maith an siúl don chroí de bhrí go spreagann
sé an croí le tuilleadh fola a caidéalú le
himshruthú na fola ar fud na colainne a fheabhsú. Ag an
am céanna, ní iomarcach an lód seo don chroí.
Mar sin le siúl rialta, tagann an croí a bheith níos
folláine. Islíonn sé seo hipirtheannas na fola agus
laghdaíonn an strus ar na hartairí. Cuireann sé le
tiúchan an cholaistéaróil ard-dlús sa bhfuil,
agus is é seo an colaistéaróil fabharach a throideann
i gcoinne an hartairiscléaróise sna hartairí. Comh
maith leis sin, laghdaíonn sé slaodacht (viscosity) na fola.
Laghdaíonn sin an priacal go dtarlóidh téachtán
(clot) fola a d'féadfadh tús a chur le taom marfach croí.
Ba cheart go laghdódh an rud céanna priacal an stróic,agus
tá fianaise ann gur mar sin atá an scéal. I dtaighde
a rinneadh in Ollscoil Harvard ar 70,000 banaltra ar a gcleachtaí
siúil le 15 bliain anuas, fuarthas amach go raibh priacal stróic
na ndaoine a rinne suas le 20 uair siúil gach seachtain laghdaithe
faoi 40% i gcomparáid leo siúd nár shiúil
gach seachtain.
Nuair a théann tú in aois, is deacra smacht a choimeád
ar do mheáchan trí smacht a chur ar a n-itheann tú.
Ach ídíonn siúl bríomhar cuid mhaith calraí
agus spreagann sé do ráta meitibileachta i rith an lae freisin.
Ansin ritheann sé éasca leat do mheáchan a rialú.
Is mar an gcéanna más duine ramhar thú. Sa chás
seo, ní mór siúl ar feadh uaire gach lá chun
na géire (fat) sna stórais fhadtéarmacha ar fud do
cholainne a ídíú. De réir dealraimh ní
thosaíonn an cholainn isteach ar na stórais seo taobh istigh
de leathuair tar éis tosú ar an aclaíocht de bhrí
go mbíonn dóthain bhreosla (fuel) meitibileachta le fáil
sna stórais ghearrthéarmacha (short-term), mar shampla,
an t-ae, (liver), chun an cholainn a fhuinnmhiú i gceart.
Má dhéanann tú aclaíocht níos déine
ná an siúl, tá seans ann go gcuirfeadh sé
seo isteach ar chumas na cholainne le fuinneamh a fháil ar ais
ó na stórais fhadthéarmacha ghéire. Cabhraíonn
do shiúl rialta (ar feadh uair a chluig) chun do raimhre a laghdú
agus ina dhiaidh sin ar feadh leathuaire chun an meáchan a choimeád
uait.
Go minic de réir mar a théann duine i raimhre, téann
sé deacair dá cholainn glúcos a mheitibiliú.
Faoi dheireadh tolgann sé diaibéiteas de shaghas 2. Tá
druga, meatformain, faofa le húsáid chun bac a chur le teacht
i bhfeidhm an ghalar seo. I dtaighde a rinneadh sna Stáit Aontaithe
le déanaí léiríodh go raibh clár siúil
leathuaire in aghaidh an lae dhá oiread níos éifeachtaí
ná an druga faofa seo chun an diaibéiteas seo a chloí.
Ní hamháin go neartaíonn siúl rialta do
mhatáin (muscles) ach neartaíonn sé na cnámha
atá ceangailte dóibh. Buaileann an oistéapóris
- laige agus brisce sna cnámha - seandaoine agus seanmhná
sna seachtóidí go mór. Is lú go mór
an oistéapórois i measc seanbhan a rinne aclaíocht
agus iad óg agus a raibh a dhóthain tógála
isteach de chailciam acu i rith a saoil.
Lionndubh (depression). Maidir le lionndubh fuarthas amach le
déanaí go raibh siúl rialta chomh héifeachtach
le druga frithlionndubh leis an galar seo a mhaolú agus níos
éifeachtaí chun athiompú a sheachaint.
Mar sin féin ní leigheas ar gach galar é an siúl
rialta. Má tá tú chun luí isteach air, tóg
oiread éigin de réamhchúraimí. Bí ciallmhar.
Bíodh bróga oiriúnacha siúil agat, le spás
iontu chun gur féidir le do mhéara coise leathadh amach.
Coimeád taifead ar do chuid oibre, ar cé chomh fada a bhí
tú ag siúl agus cén fad ama a shiúil tú.
Ullmhaigh tú féin i gceart. Tosaigh go mall tomhaiste le
réamhaclaíocht sínte théimh, agus le suaimhniú
tár éis do shiuilóide.
Bíodh aidhmeanna fadtéarmacha agat seachas aidhmeanna gearrthéarmacha.
Ná bí ag iarraidh torthaí a fháil tar éis
seachtaine nó míosa. Oiriúnaigh do dhreas siúil
do rithim do lae agus rithim do gnóthaí i rith an lae.
Ní rás atá i gceist ach clár cothrom socair
a mbeidh taithneamh le baint as le do saol sláintiúil.
Le caonchead Dr. Matt Hussey, as a leabhar Go maire tú an céad.
|