|
Table of contents
BRÍ BRÚ na BÓINNE Newgrange
- Temple to Life.
By Chris O'Callaghan
Naoi mbliana tar éis bhriseadh na Bóinne -sa bhliain 1699-
sea thánghas trí thimpiste ar Bhrú na Bóine
an chéad uair. Díorma oibríthe a bhí ag obair
sa timpeallacht, thánadar ar an gcarraig mhaisithe ag an oscailt.
Bhí de thuiscint is de chiall acu dul agus a bhfuaireadar a rá
le pé fostaithoir a bhí acu. Tugadh cuireadh don scoláire
ón mBreatain Bheag, Edward Lhwyd, teacht agus an tulach a iniúchadh.
Ar a ghlúine a ghaibh sé trid an bpasáiste cáiliúil
a ghaibheann go dtí an seomra cúil, go sroicheann gatha
na gréine é ar bhreacadh méid áirithe laethanna
i gcóngar ghríanstad an
Gheimhridh, ar feadh seacht neomat déag díreach. B'in é
an chéad eolaí a thagair don dtulach ó thaobh na
hadhlachta de.
Ríamh ó shin, áiritear gur tuama pasáiste
atá sa chonstruáil mhíorúilteach cois Bóinne.
Sé bunaidhm an tsaothair seo an tuairim sin a bhréagnú
i.e. gur teampall togtha chun na beatha atá i mBrú na Bóinne
seachas tuama do na mairbh.
Deir O'Callaghan ná bhfuil aon fhainaise laidir ann gur cuireadh
éinne riamh san áit. Níl aon fhainaise ann gur úsáideadh
é mar chréamatóir ach oiread. Is mó d'iarsmaí
ainmhithe fiáine a fuaireadh, roinnt bheag cnámha daonna
ina measc. Tuairimíonn an t-uadar, i bfad i ndhiadh na tréimhse
ina raibh an tulach in úsáid, 5000 bliain ó shin,
go raibh ainmhithe in ann dul isteach tríd an oscailt agus gur
úsáideadar Brú na Bóinne mar phluais. Ospairt
seilge níos déanaí mar sin fé ndear na cnámha
san a bheith ann
Is dócha go gcuireann an t-ainm 'Brú na Bóinne' féin
daoine amú. Leis an bhfocal 'brú' samhlaímid bruíon
(Bruíonn Chaorthainn, mar shampla, sa bhFiannaíocht) agus
a bheith ag bruíon. Níorbh aon dream bruíne, deir
sé, muintir Ghleann na Bóinne. A mhalairt - treibh shíochánta
shibhialta a raibh na 'Four I's' acu: (Imagination, Intelligence, Initiative,
Innovation). Ní réitíonn sé le híomhá
Hollywood de dhaoine ag an am, a léiríodh iad mar ápa-dhaoine,
ag cnead agus ag gnúsachtach ar nós na ainmhíthe
atá mar chéad mhír sa chomhfhocal san. Scríobhann
sé:
''Certainly the Boyne Valley People would have scorned and derided this
assumption as pure fantasy. Indeed, it could be argued that the main difference
betwen the Boyne Valley People and our arrogant selves are twofold: our
wondrous pollution, in politics, religion, and the hills of refuse plus
the sophisticated techniques we have developed over the last century to
remove our allegedly advanced civilisation from this long-suffering planet''.
Cuireann sé leis an téis go bhféadfadh ceangal a
dhéanamh idir na háitribh cois Bóinne agus cultúr
an Mheán-Oirthír nó an Neas-Oirthír, ag tráth
nach raibh urlabhra an chine dhaonna deighilte ag Báibil. Bíodh
gur chultúir chogúil iad san, bhí breis meabhrach
ag lucht na Bóinne, óir thuigeadar an té a cloíonn
leis an gclaíomh go dtitfidh sé leis an gclaíomh,
mar a déarfá.
An bosca trina ngabhann léasacha na gréine, comhairlíonn
O'Callaghan gur cheart do shaineolaithe tús áite a thabhairt
dósan ina gcuid anailíse seachas an róbhéim
ar ghné na hadhlactha. Is é Bosca na Gréine bun agus
barr an tionscadail tógala seo, dar leis. An tseaneagla nach gcuirfeadh
an ghrían a ceann thar íor na spéire go brách
arís a spreag na saoir agus na hinnealtóirí. Ach
cé go raibh truicear nó catailís mhór éigin
a spreag an mhuintir eisceachtúil seo chun onóir na gréine
- sula thugann beatha don chruinne, gurbh i bun agus barr gach a bhfásann
mar gheall uirthi.
D'fhéadfadh gur crith tecteonach ba bhun leis an aithrí
ar an mbóthar go Damascus (nó cith astaróideach a
ruinne an ghrían a dalladh) - an cith céanna ba bhun leis
an nDile sa Mheaspatáin i dtráth an ama sin, agus an ceann
i Meiriceá Láir comh maith léi.
Saothar dea-scríte, meallacach é seo. Cuireann na léaráidí
agus na grianghraif dhaite go mór leis.
FOINSE
|