|
Table of contents
Más é an Ceol Bia an Ghrá, tá sin ag teastail
uaim
le Deidre M. Weir
Nuair a bhí mé óg chuaigh mé i gcraidreamh
leis an gceol. Níor thuig na mná ríalta ar scoil
go raibh guth amhránaíochta agam agus níor aithnigh
mise raimh gur amhránaí a bhí ionam féin.
Nuair a chloisim an ceol cuireann sé gliondar ar mó chroí.
Ní raibh mé ach trí bliana d'aois nuair d'fhoghlaim
mé an chéad véarsa den amhrán, 'The Wild Colonial
Boy' i mBaile Átha Cliath. An Nollaig sin sheinn mé an t-amhrán
céanna in Ostán Sheilborne agus bhain mé an céad
duais amach.
Sa mbliain acadúil ba é an ceol an t-ábhar ba mhó
ar an gclár oibre. Bhí ceachtanna ceoíl gach seachtaine.
Bhí seans ag gach aon rang sa mheánscoil an t-Aifreann Laidine
a chasadh. Chuaigh muid i gcomórtas le daltaí eile ó
na scoileanna eile sa gComórtas Ardfheis gach bliain. Bhí
bród ar na múinteoirí scoile linn faoin chaighdeán
ard a bhí againn.
D'fhág mé Baile Átha Cliath i 1967. Bhí saol
nua romham agus deiseanna nua mar a b'áil liom. Bhí mé
ag saothrú airgid, bhí mé pósta agus bhí
triúr páistí agam. Nuair a chuaigh mé i dteagmháil
le Ceol Clasaiceach chuir sé lúcháir agus sonas orm.
Sa mbliain 1990 chonaic mise agus m'iníon fógra faoin gceolchoirm
'Instant Messiah san Eaglais Astor, Covent Garden. Chuir mé glaoch
ar an stiúrthóir ceoil. Chuir sé ceist orm: ''Cén
saghas gutha atá agat''. Duirt mé "Tá fonn orm
a bheith páirteach sa chormcheoil". Ansin duirt sé
"Oh, caithfidh tú amhrán a chasadh linn''. Thosaigh
mé ag gáire agus d'fhreagair mé: "Ceart go leor.
Is soprán mise agus m'iníon freisin. Feicimid thú
ag an gcleachtadh amárach ar a leath i ndhiadh a dó. Slán
go fóill''. Bhí an cleachtadh nua go hiontach. D'oscail
sé domhan nua dom.
Cúpla seachtain i ndiadh sin bhí fógra eile ar bhalla
an ospidéil. Bhí sé ag iarraidh ar dhaoine dul chun
cleachtadh leis an chóir Dé hAoine. Scriobh mé litir
chuig an stiúrthóir ceoil agus chuir sé cuireadh
orainn teacht. Bhí an cleachtadh sin go hálainn. Ba shin
é tús mo thurais cheoil.
Thosaigh Barts Academic Festival Chorus agus Orchestra (BAFCO) thart
fá Nollaig 1971 nuair a rinne siad cuid a h-aon de Messiah, Handel
i Christ Church, Woburn Square, Londain. Bhí cóir ceithre
ghuth déag agus ceolfhoireann bheag. I ndiadh sin chuaigh an obair
ar fheabhas le píosaí ó Vivaldi, Pergolese, Mozart,
Puccini, Poulanc agus go leor cumadóirí eile. Rinne
siad cúig cheolchoirm i halla mór Oispidéil Naomh
Bartholomew gach bliain le cuidiú le ceolchumann deonach. D'éirigh
thar barr leis
"Nuair
nach raibh siad sa halla mór bhí siad ag cur ceolcoirmeacha
ar siúl sa Guildhall, Royal Festival Hallagus áiteanna eile
ar nós: Barbican ( The Creation, Haydn), Coláiste
Ríoga na Máinlianna (The Creation), The Palace of Westminster
(Messiah, Handel), St.Paul's Cathedral agus St. Clement Dane's,
Fleet Street - Carúl na Nollag. I rith na bliana 1986 gnóthaigh
siad stádas mar chumann charthanachta.
" 1983 thosaigh siad ag taistil. An céad stad an Róimh.
Rinne siad Requiem Mozartós comhair an Phápa, Seán
Phóol II, agus thug sé cuireadh do 30,000 duine agus céad
Cardinéil chun éisteacht leo. Bhain siad a lán taithnimh
as sin. Bhí éisteacht phríomháideach ag an
bPápa, Seán Phóil, nuair a rinne siad Coronation
Anthems le Handel, agus san Aula Magna de Palazza Cancelleria, Imperial
March le Elgar.
" 1986 go Lyon, Geneva agus Gstaad. I 1988 chuaigh siad go hEilat
le Bruckner's Mass in E agus an Gloria le Vivaldi. I 1989 Istanbul,
agus i 1990 chuaigh siad go Normandy, Chartres agus Páras. Chuaigh
siad arís go dtí na háiteanna sin i 1990.
"
Thosaigh mé ag taistil leis an chóir i 1994 nuair a bhí
80 duine ag dul go Prague i bPoblacht na Séice leis an bhuíon
cheoil agus leis an chór. Is ann a rugadh Smetana, Dvorák
agus Janecek. Thugamar cuairt ar Ardeaglais Naomh Vitus, áit a
bhfuil tuama Wenceslas, agus Caisleán Melrick. D'fhéachamar
síos ar na haibhneacha Vlatava agus Elba agus shiúlamar
trasna an droichid Charles. Rinneamar Ceolchoirm
Rutter Requiem
i
Maimistir Emouzy. Bhí an áit sin iontach fuar! Ceolchoirm
eile a rinneamar ná an Nelson Mass san eaglais N. Iesulus, agus
arís, san eaglais Mhaighdean na mBua. Is san áit seo
Maighdean
na mBua
.a bhfuil an dealbh, ón séú céad
déag, de Pháiste Phrague (Child of Prague). Rinne teicneoir
taifeadadh galánta de cheolchoirm amháin i Halla Martinu
1997-Crete. 
Bhí an aimsir iontach te, na foirgnimh iontach bán agus
an fharraige gorm. Bhíomar ábalta cleachtadh taobh amuigh
gach maidin roimh éirí na gréine. Ar feadh na gcuairteanna
seo, chuig áiteanna imigéniula, coimhthíocha, cleachtamar
ar feadh na n-uaireanta. Lá amháin dúirt fear linn:
'Nuair a dhúisigh mé an chéad mhaidin anseo, shamhlaigh
mé go raibh mé ar Neamh, agus ag eisteacht le gutheanna
na n-aingeal'. Bhí fáil againn siúl trid an Samaria
Gorge. Bhí sé deacair, ach bhí an radharc go hiontach.
Chuireamar ceolchorim i láthair ag Rethimon agus Heraklion. Bhí
siad rathúil.
Fuaireamar cuireadh agus urraíocht teacht go Lebanon. Chuireamar
trí cheol-choirmeacha de Requiem Verdi ar siúl i
mBeirut, i mBatroum agus i dTyre. Eachtra amháin a tharla i rith
léirithe amháin: múchadh na soilse agus briseadh
na dóirse isteach. Leanamar ag ceol. Ní
raibh le feiceáil ach saighdiúirí le gunnaí
ag an doras. Bhí sos ann; dunadh na doirse. Casadh ar na soilse
arís. Níor caochadh súil.
Bhí am go leor againn cuairt a thabhairt ar na forthraigh fothracha
de Theampall de Baalbec.
Nuair a thángamar ar ais go Londain, chuireamar cheolchoirm as
siúl sa Halla Mór, Féile Bhelchazzer le Walton.
Sin píosa a thaithníonn go mór liom. Deir an stiúrthóir
ceol, "Smaoiním go rachaidh an píosa seo i bhfad ar
aghaidh''. Cén fath?. Níl a fhios agam.
|